Aighneacht ó CILL DARA LE GAEILGE

Uimhir Thagarta Uathúil: 
KCC-C55-533
Stádas: 
Submitted
Údar: 
Cill Dara le Gaeilge
Líon na ndoiciméad faoi cheangal: 
1
Teorainneacha Gafa ar an léarscáil: 
Níl
Údar: 
Cill Dara le Gaeilge

Litir Chumhdaigh

INTREOIR

Cuireann Cill Dara le Gaeilge fáilte roimh an deis seo aighneacht a chur isteach maidir le Plean Forbartha Comhairle Contae Chill Dara. Is eagras neamhbhrabúis é Cill Dara le Gaeilge dírithe ar chur chun cinn na Gaeilge sa chontae.

Is í aidhm an aighneacht seo go n-iarrfar go mbeidh Pobal na Gaeilge i gContae Chill Dara san áireamh sa Phlean Forbartha agus a chúinsí sochtheangeolaíochta nuair atá pleanáil ar siúl sa cheantar. Tá ról ríthábhachtach ag Comhairle Contae Chill Dara i dtaobh cur chun cinn na Gaeilge, ach go háirithe le pobal mór Gaeilge faoi do chúram. Caithfidh ról cosanta, caomhnaithe agus fáis a bheith ag an gComhairle do phobal na Gaeilge sa chontae. Is tríd an bPlean Forbartha seo gur féidir díriú ar sin.

POBAL NA GAEILGE I LIMISTÉIR AN CHOMHAIRLE

De réir an daonáirimh dheireanaigh i 2016 tá 85,426 duine in ann Gaeilge a labhairt i limistéir an Chomhairle, nó 40.2% den daonra atá sa chontae.

Tá 8,047 cainteoir Gaeilge (ag labhairt go laethúil nó go seachtainiúil) i limistéir an chomhairle taobh amuigh den chóras oideachais.

Aithnítear agus tá cáil ar Chontae Chill Dara mar an contae leis an méadú is mó ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa tír. Tá deich scoil lán-Ghaeilge anois chomh maith le naíonraí, grúpaí pobail, eagraíochtaí éagsúla agus coláistí samhraidh ag feidhmiú sa chontae anois. Bíonn clár gníomhach don Ghaeilge in Ollscoil Mhaigh Nuad mar shampla san áit go bhfuil ceann de na cumainn Gaelaigh is mó sa tír i gCuallacht Cholm Cille.

Seoladh plean teanga do Chontae Chill Dara i Feabhra 2019 don tréimhse cúig bhliana 2019 go 2023. – PLEAN TEANGA. Is plean cuimseathach atá ann le fís, spriocanna agus birt atá eagraithe go soiléir de réir plean don chontae agus do na cúig cheantair bhardasacha.

Tá pobal mór Gaeilge i gContae Chill Dara ina bhfuil naíonraí, Gaelscoileanna, Gaelcholáistí, ciorcail comhrá, ranganna Gaeilge, Pop-Up Gaeltachtaí, craobhacha de Chonradh na Gaeilge, coistí de Ghlór na nGael, clubanna óige trí Ghaeilge, campaí samhraidh agus go leor eile.

I measc na grúpaí pobail atá páirteach sa phróiséas pleanála don Ghaeilge sa chontae tá Sult na Sollán (Na Solláin/Nás na Ríogh), Gaeilge Nuada (Maigh Nuad), Glór an Churraigh (Droichead Nua/Cill Dara) agus Gaeilge an Bhradáin (Léim an Bhradáin). Tá plean tacaíochta don ghnóthaí ar fáil sa chontae gur mian leo a seirbhísí a chur ar fail trí Ghaeilge – GNÓ CHILL DARA. Bíonn ról gníomhach freisin ag Leabharlanna Chill Dara, Cumann Lúthchleas Gael agus Comhaltas Ceoltóirí a bhíonn clár leathan d’imeachtaí trí mheán na Gaeilge acu.

Faisnéis

Uimhir Thagarta Uathúil: 
KCC-C55-533
Stádas: 
Submitted
Líon na ndoiciméad faoi cheangal: 
1
Teorainneacha Gafa ar an léarscáil: 
Níl