Phlean Forbartha Chontae Chill Dara 2023-2029 (arna athrú)
Tugtar fógra leis seo, de bhun Alt 13 (2)(b) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú), go molann Comhairle Contae Chill Dara athrú a dhéanamh ar Phlean Forbartha Chontae Chill Dara 2023-2029 (arna athrú). Cuimseofar an tAthrú Beartaithe in Imleabhar 2 de Phlean Forbartha Chontae Chill Dara 2023-2029 (arna athrú).
Cúis le hAthrú Beartaithe Uimh.2: Plean Lonnaíochta Dhroichead Nua
Leis an Athrú Molta, soláthrófar Plean Lonnaíochta do Dhroichead Nua le cur in ionad Phlean Ceantair Áitiúil Dhroichead Nua 2013-2019 (arna leasú agus arna fhadú go dtí 2021). Soláthrófar leis an bPlean Lonnaíochta creat beartais pleanála chun forbairt inbhuanaithe tithíochta, fostaíochta, iompair, miondíola agus bonneagair shóisialta amach anseo do bhaile Dhroichead Nua a threorú. Tá an Plean Lonnaíochta ar aon dul leis an ordlathas pleanála uileghabhálach atá leagtha amach ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus contae.
An tAthrú Beartaithe
Beidh Ráiteas i Scríbhinn agus léarscáileanna mar chuid d’Athrú Beartaithe Uimh. 2 (Plean Lonnaíochta Dhroichead Nua) de Phlean Forbartha Chontae Chill Dara 2023-2029 (arna athrú) agus beidh an méid seo a leanas ag gabháil leis:
Tuarascáil ar Scagadh le haghaidh Measúnacht Chuí (MC) de bhun na Treorach maidir le Gnáthóga ón AE (92/43/CEE).
Tuarascáil ar Scagadh le haghaidh Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta de bhun Rialacháin Phleanála agus Forbartha (Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta) 2004 - 2011.
Aguisín leis an Tuarascáil ar Mheasúnacht Straitéiseach ar Riosca Tuile (MSRT) de Phlean Forbartha Chontae Chill Dara 2023-2029 (arna athrú), de bhun Alt 28 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú).
Iniúchadh ar Acmhainn Lonnaíochta (IAL), de bhun na bPleananna Forbartha - Treoirlínte d’Údaráis Phleanála (2022).
Straitéis Bainistíochta um Uisce Dromchla (SBUD).
Iniúchadh ar Bhonneagar Sóisialta (IBS).
Tuarascáil ar Mhapáil Gnáthóige i nDroichead Nua agus an Ceantar Máguaird.
Tá Scagadh ar Mheasúnú Straitéiseach Comhshaoil déanta ag Comhairle Contae Chill Dara de réir Airteagal 13K de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 (arna leasú), lenar cinneadh nach dócha go mbeadh éifeachtaí suntasacha ag an athrú a bheartaítear ar an gcomhshaol.
Tá Scagadh le haghaidh Measúnacht Chuí déanta ag Comhairle Contae Chill Dara faoi Alt 177U den Acht um Phleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú), lenar thángthas ar an gconclúid nach dócha go mbeidh tionchar suntasach ag an Athrú a Bheartaítear, ina aonar nó i gcomhar le pleananna nó tionscadail eile, ar shuíomh Eorpach.
Taispeáint an Athraithe Beartaithe agus Cáipéisí Tacaíochta
Cóip d’Athrú Beartaithe Uimh 2: Féadfar féachaint ar Phlean Lonnaíochta Dhroichead Nua agus cáipéisí tacaíochta ó Dé Céadaoin, an 17 Meán Fómhair 2025 go dtí Déardaoin, an 16Deireadh Fómhair 2025 ag na suíomhanna seo a leanas:
Oifig Pleanála, Oifig Chomhairle Contae Chill Dara, Áras Chill Dara, an Nás, Contae Chill Dara, W91 X77F le linn gnáthuaireanta oscailte 9.30am-4.00pm, ó Luan go hAoine.
Leabharlann Dhroichead Nua, Bóthar Áth Garbháin, Connaill Mhór, Droichead Nua, Contae Chill Dara, W12 W861 le linn gnáthuaireanta oscailte na leabharlainne.
Tabhair faoi deara go bhfanfaidh an tairseach comhairliúcháin https://consult.kildarecoco.ie/ga/browse ar oscailt an t-am go léir le linn na tréimhse comhairliúcháin reachtúla.
Imeacht Eolais Poiblí
Beidh imeacht eolais poiblí ar siúl Dé Máirt, an 23Meán Fómhair 2025 ag Tolglann Cedral, Cedral Páirc Naoimh Conlaith, an Phríomhshráid, Droichead Nua, W12 X067 idir 4pm agus 7pm.
Conas Aighneacht a Dhéanamh
Féadfar aighneachtaí nó tuairimí a dhéanamh maidir leis an Athrú Beartaithe agus na tuarascálacha a ghabhann leis roimh 4pm Déardaoin, an 16Deireadh Fómhair 2025 agus cuirfear san áireamh iad sula ndéanfar an tAthrú. Ba cheart go mbeadh d’ainm agus do sheoladh luaite ar d’aighneacht agus, nuair is cuí, an comhlacht nó an eagraíocht a bhfuil ionadaíocht á déanamh air. Tá fáilte roimh leanaí nó roimh ghrúpaí/chumainn a dhéanann ionadaíocht ar leasanna leanaí aighneachtaí a dhéanamh. Cuir isteach d’aighneacht ar cheann amháin de na bealaí seo a leanas le do thoil (Ní ghlacfar le haighneachtaí déanacha ná le haighneachtaí a sheolfar ar ríomhphost nó ar facs):
Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, An Rannóg Pleanála, Comhairle Contae Chill Dara, Áras Chill Dara, An Nás, Contae Chill Dara.
Foilseofar aighneachtaí ar Thairseach Comhairliúcháin na Comhairle. Déanfar tuarascáil ar na haighneachtaí a gheofar a ullmhú agus áireofar ann ainmneacha na ndaoine sin a rinne aighneachtaí. Foilseofar an tuarascáil sin ar ár suíomh gréasáin. Is féidir mionsonraí maidir le do theidlíochtaí agus d’oibleagáidí príobháideachais faoi RGCS a léamh anseo:
hAthrú Beartaithe Uimh. 2 (Plean Lonnaíochta Dhroichead Nua) ar Phlean Forbartha Chontae Chill Dara 2023-2029 (arna athrú)
Primary tabs
Fógra maidir le hAthrú Beartaithe Uimh. 2
(Plean Lonnaíochta Dhroichead Nua) ar
Phlean Forbartha Chontae Chill Dara 2023-2029 (arna athrú)
Tugtar fógra leis seo, de bhun Alt 13 (2)(b) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú), go molann Comhairle Contae Chill Dara athrú a dhéanamh ar Phlean Forbartha Chontae Chill Dara 2023-2029 (arna athrú). Cuimseofar an tAthrú Beartaithe in Imleabhar 2 de Phlean Forbartha Chontae Chill Dara 2023-2029 (arna athrú).
Cúis le hAthrú Beartaithe Uimh.2: Plean Lonnaíochta Dhroichead Nua
Leis an Athrú Molta, soláthrófar Plean Lonnaíochta do Dhroichead Nua le cur in ionad Phlean Ceantair Áitiúil Dhroichead Nua 2013-2019 (arna leasú agus arna fhadú go dtí 2021). Soláthrófar leis an bPlean Lonnaíochta creat beartais pleanála chun forbairt inbhuanaithe tithíochta, fostaíochta, iompair, miondíola agus bonneagair shóisialta amach anseo do bhaile Dhroichead Nua a threorú. Tá an Plean Lonnaíochta ar aon dul leis an ordlathas pleanála uileghabhálach atá leagtha amach ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus contae.
An tAthrú Beartaithe
Beidh Ráiteas i Scríbhinn agus léarscáileanna mar chuid d’Athrú Beartaithe Uimh. 2 (Plean Lonnaíochta Dhroichead Nua) de Phlean Forbartha Chontae Chill Dara 2023-2029 (arna athrú) agus beidh an méid seo a leanas ag gabháil leis:
Tá Scagadh ar Mheasúnú Straitéiseach Comhshaoil déanta ag Comhairle Contae Chill Dara de réir Airteagal 13K de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 (arna leasú), lenar cinneadh nach dócha go mbeadh éifeachtaí suntasacha ag an athrú a bheartaítear ar an gcomhshaol.
Tá Scagadh le haghaidh Measúnacht Chuí déanta ag Comhairle Contae Chill Dara faoi Alt 177U den Acht um Phleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú), lenar thángthas ar an gconclúid nach dócha go mbeidh tionchar suntasach ag an Athrú a Bheartaítear, ina aonar nó i gcomhar le pleananna nó tionscadail eile, ar shuíomh Eorpach.
Taispeáint an Athraithe Beartaithe agus Cáipéisí Tacaíochta
Cóip d’Athrú Beartaithe Uimh 2: Féadfar féachaint ar Phlean Lonnaíochta Dhroichead Nua agus cáipéisí tacaíochta ó Dé Céadaoin, an 17 Meán Fómhair 2025 go dtí Déardaoin, an 16 Deireadh Fómhair 2025 ag na suíomhanna seo a leanas:
Tabhair faoi deara go bhfanfaidh an tairseach comhairliúcháin https://consult.kildarecoco.ie/ga/browse ar oscailt an t-am go léir le linn na tréimhse comhairliúcháin reachtúla.
Imeacht Eolais Poiblí
Beidh imeacht eolais poiblí ar siúl Dé Máirt, an 23 Meán Fómhair 2025 ag Tolglann Cedral, Cedral Páirc Naoimh Conlaith, an Phríomhshráid, Droichead Nua, W12 X067 idir 4pm agus 7pm.
Conas Aighneacht a Dhéanamh
Féadfar aighneachtaí nó tuairimí a dhéanamh maidir leis an Athrú Beartaithe agus na tuarascálacha a ghabhann leis roimh 4pm Déardaoin, an 16 Deireadh Fómhair 2025 agus cuirfear san áireamh iad sula ndéanfar an tAthrú. Ba cheart go mbeadh d’ainm agus do sheoladh luaite ar d’aighneacht agus, nuair is cuí, an comhlacht nó an eagraíocht a bhfuil ionadaíocht á déanamh air. Tá fáilte roimh leanaí nó roimh ghrúpaí/chumainn a dhéanann ionadaíocht ar leasanna leanaí aighneachtaí a dhéanamh. Cuir isteach d’aighneacht ar cheann amháin de na bealaí seo a leanas le do thoil (Ní ghlacfar le haighneachtaí déanacha ná le haighneachtaí a sheolfar ar ríomhphost nó ar facs):
Foilseofar aighneachtaí ar Thairseach Comhairliúcháin na Comhairle. Déanfar tuarascáil ar na haighneachtaí a gheofar a ullmhú agus áireofar ann ainmneacha na ndaoine sin a rinne aighneachtaí. Foilseofar an tuarascáil sin ar ár suíomh gréasáin. Is féidir mionsonraí maidir le do theidlíochtaí agus d’oibleagáidí príobháideachais faoi RGCS a léamh anseo:
www.kildarecoco.ie/YourCouncil/GovernanceandCompliance/DataProtection/
SPRIOC-AM D’AIGHNEACHTAÍ: 4pm Déardaoin, an 16 Deireadh Fómhair 2025.
Sínithe:
Alan Dunney
Stiúrthóir Seirbhíse - Pleanáil, Fiontar, Forbairt Eacnamaíochta agus Seirbhísí Éigeandála
Comhairle Contae Chill Dara
Roinn
Aighneachtaí
Téamaí
Ábhair
Litir Chlúdaigh (Roghnach)
Deais