Suirbhé um Plean Corporáideach 2024

Dúnta30 Iúil, 2024, 14:30 - 16 M.F., 2024, 23:59

Tá Plean Corparáideach nua á chur i dtoll a chéile againn – Cuir do chuid tuairimí in iúl!

An Plean Corparáideach - cad é féin?

Feidhmíonn an Plean Corparáideach mar chreat gníomhaíochta don údarás áitiúil le linn shaolré na Comhairle reatha, 2024 - 2029.

Sa phlean, leagtar amach fís do Chontae Chill Dara, ráiteas misin do Chomhairle Contae Chill Dara, na croíluachanna a threoraíonn obair na Comhairle, tosaíochtaí straitéiseacha na Comhairle agus an chaoi a soláthraíonn an Chomhairle seirbhísí.

Bainfear úsáid as an bPlean Corparáideach chun próisis agus feidhmíocht ghnó a stiúradh, trí Phleananna Bliantiúla um Sheachadadh Seirbhísí agus trí thomhas agus forbairt feidhmíochta (PMDS).

Cad é cuspóir an Chomhairliúcháin?

Déantar ullmhú an Phlean Chorparáidigh a dhréachtadh trí chur chuige cuimsitheach a úsáid, trí chomhairliúchán le páirtithe leasmhara inmheánacha (comhaltaí tofa, baill foirne agus coistí éagsúla) agus le páirtithe leasmhara seachtracha.

Is é is aidhm don chur chuige seo ná ionchur a thabhairt do na páirtithe leasmhara go léir i bpróiseas déanta an phlean, a chinntiú go bhfuil an Plean ábhartha dá n-ábhair imní agus úinéireacht ar an bPlean a spreagadh.

Cad a tharlaíonn i ndiaidh an Chomhairliúcháin?

Breithneofar do chuid aiseolais agus an Plean Corparáideach á dhréachtú.

Cuirtear tuairisc ar chéim an chomhairliúcháin, ina mbeidh achoimre ar na príomh-shaincheisteanna agus na príomhfhreagraí, ar fáil do na comhaltaí tofa go léir.

Ansin, déanann na comhaltaí tofa an Dréachtphlean a mheas agus déanann siad cinneadh maidir le glacadh an Phlean i mí na Nollag 2024.

Nuair a ghlacann na comhaltaí tofa leis an bPlean, déantar é a phoibliú agus a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Comhairle agus cuirtear cuspóirí an Phlean san áireamh sna pleananna seirbhíse do na 5 bliana amach romhainn.


Is féidir leat teacht ar chóip den phlean corparáideach reatha anseo.

Is féidir leat do thuairimí a chur in iúl trí ríomhphost a sheoladh chuig corporateplan2024@kildarecoco.ie, nó is féidir leat freagraí a chur isteach tríd an bpost chuig: Seirbhísí Corparáideacha, Áras Chill Dara, Páirc Uí Dhubhuí, An Nás, Co. W91 X77F – le do thoil, marcáil an aighneacht leis na focail "Plean Corparáideach" ar mhaithe le héascaíocht tagartha.

The closing date has passed and submissions are no longer being accepted.