Tá Dréachtphlean Oidhreachta curtha i dtoll a chéile ag an údarás áitiúil le tacaíocht ó Fhóram Oidhreachta Chill Dara.
Tá oidhreacht shaibhir thógtha, chultúrtha agus nádúrtha ag Cill Dara agus oibríonn go leor grúpaí agus daoine aonair sa chontae chun í a chosaint, a chaomhnú agus a chur chun cinn. Is é cuspóir foriomlán an Dréachtphlean seo cabhrú linn go léir na haidhmeanna sin a bhaint amach sna sé bliana amach romhainn.
Mar sin, ba mhaith linn do thuairimí a fháil maidir le Dréachtphlean Oidhreachta Chill Dara 2026-2031.
An bhfuil dearmad déanta againn ar shaincheist thábhachtach oidhreachta nó an gá feabhas a chur ar rud ar bith? Cad ba cheart tosaíocht a thabhairt dó i do thuairim?
Féach ar an bPlean Is féidir an Dréachtphlean a fheiceáil sa rannán ábhar ar an leathanach seo agus tá an méid seo a leanas ag gabháil leis;
Tuairisc um Scagadh le haghaidh Measúnú Straitéiseach Comhshaoil (MSC)
Tuairisc um Scagadh le haghaidh Measúnacht Chuí (MC)
Príomhdhátaí
Tréimhse an Chomhairliúcháin: Déardaoin 30Deireadh Fómhair - Dé Luain 1 Nollaig 2025
Imeachtaí Comhairliúcháin Phoiblí: Dé Céadaoin 12 Samhain 2025
Bí linn, buail le hOifigeach Oidhreachta Chomhairle Contae Chill Dara agus tapaigh an deis le Dréachtphlean Oidhreachta Chill Dara a phlé:
10:00 – 13:00 i Leabharlann Mhá Nuad, an Phríomhshráid, Maigh Nuad.
County Kildare Draft Heritage Plan 2026 - 2031
Primary tabs
Dréachtphlean Oidhreachta Chill Dara 2026-2031
Cuir do thuairim in iúl!
Tá Dréachtphlean Oidhreachta curtha i dtoll a chéile ag an údarás áitiúil le tacaíocht ó Fhóram Oidhreachta Chill Dara.
Tá oidhreacht shaibhir thógtha, chultúrtha agus nádúrtha ag Cill Dara agus oibríonn go leor grúpaí agus daoine aonair sa chontae chun í a chosaint, a chaomhnú agus a chur chun cinn. Is é cuspóir foriomlán an Dréachtphlean seo cabhrú linn go léir na haidhmeanna sin a bhaint amach sna sé bliana amach romhainn.
Mar sin, ba mhaith linn do thuairimí a fháil maidir le Dréachtphlean Oidhreachta Chill Dara 2026-2031.
An bhfuil dearmad déanta againn ar shaincheist thábhachtach oidhreachta nó an gá feabhas a chur ar rud ar bith? Cad ba cheart tosaíocht a thabhairt dó i do thuairim?
Féach ar an bPlean
Is féidir an Dréachtphlean a fheiceáil sa rannán ábhar ar an leathanach seo agus tá an méid seo a leanas ag gabháil leis;
Príomhdhátaí
Tréimhse an Chomhairliúcháin: Déardaoin 30 Deireadh Fómhair - Dé Luain 1 Nollaig 2025
Imeachtaí Comhairliúcháin Phoiblí: Dé Céadaoin 12 Samhain 2025
Bí linn, buail le hOifigeach Oidhreachta Chomhairle Contae Chill Dara agus tapaigh an deis le Dréachtphlean Oidhreachta Chill Dara a phlé:
Spriocdháta i dtaca le hAighneachtaí: 4:00pm, Dé Luain 1 Nollaig 2025
An Dóigh le hAighneacht a Dhéanamh
Ar líne ar an leathanach seo ag Déan Aighneacht
Nó tríd an bpost: Pleanáil Chun Cinn, Chomhairle Contae Chill Dara, Áras Chill Dara, Bóthar Dhroichead Nua, An Nás, Co. Chill Dara W91X77F
Ba cheart ‘Aighneacht – Dréachtphlean Oidhreachta Chill Dara 2026 – 2031’ a mharcáil go soiléir ar gach aighneacht a sheoltar tríd an bpost.
Na chéad chéimeanna eile
Déanfar gach aighneacht agus gach tuairim a fhaightear a bhreithniú go hiomlán sula dtabharfar Plean Oidhreachta Chill Dara 2026-2031 chun críche.
Tabhair faoi deara le do thoil: Cuirfear aighneachtaí a fhaigheann Comhairle Contae Chill Dara ar fáil don phobal.
Féadfar aon cheisteanna a bhaineann leis an gcomhairliúchán a sheoladh chuig heritage@kildarecoco.ie
Ní mór gach aighneacht a bheith faighte tráth nach déanaí ná 4:00pm Dé Luain 1 Nollaig 2025
Roinn
Aighneachtaí
Téamaí
Litir Chlúdaigh (Roghnach)
Reports