County Kildare Draft Heritage Plan 2026 - 2031

Dúnta30 D.F., 2025, 09:00 - 1 Nol, 2025, 16:00

Primary tabs

Dréachtphlean Oidhreachta Chill Dara 2026-2031

 Cuir do thuairim in iúl!

 

Tá Dréachtphlean Oidhreachta curtha i dtoll a chéile ag an údarás áitiúil le tacaíocht ó Fhóram Oidhreachta Chill Dara.

Tá oidhreacht shaibhir thógtha, chultúrtha agus nádúrtha ag Cill Dara agus oibríonn go leor grúpaí agus daoine aonair sa chontae chun í a chosaint, a chaomhnú agus a chur chun cinn. Is é cuspóir foriomlán an Dréachtphlean seo cabhrú linn go léir na haidhmeanna sin a bhaint amach sna sé bliana amach romhainn.

Mar sin, ba mhaith linn do thuairimí a fháil maidir le Dréachtphlean Oidhreachta Chill Dara 2026-2031.

An bhfuil dearmad déanta againn ar shaincheist thábhachtach oidhreachta nó an gá feabhas a chur ar rud ar bith?  Cad ba cheart tosaíocht a thabhairt dó i do thuairim?

Féach ar an bPlean
Is féidir an Dréachtphlean a fheiceáil sa rannán ábhar ar an leathanach seo agus tá an méid seo a leanas ag gabháil leis; 

  • Tuairisc um Scagadh le haghaidh Measúnú Straitéiseach Comhshaoil (MSC)
  • Tuairisc um Scagadh le haghaidh Measúnacht Chuí (MC)

 

Príomhdhátaí

Tréimhse an Chomhairliúcháin: Déardaoin 30 Deireadh Fómhair - Dé Luain 1 Nollaig 2025

Imeachtaí Comhairliúcháin Phoiblí: Dé Céadaoin 12 Samhain 2025

Bí linn, buail le hOifigeach Oidhreachta Chomhairle Contae Chill Dara agus tapaigh an deis le Dréachtphlean Oidhreachta Chill Dara a phlé:

  • 10:00 – 13:00 i Leabharlann Mhá Nuad, an Phríomhshráid, Maigh Nuad. 
  • 14:00 – 17:00 i Leabharlann Chill Dara, Sráid Claregate, Cill Dara.

Spriocdháta i dtaca le hAighneachtaí: 4:00pm, Dé Luain 1 Nollaig 2025

 

An Dóigh le hAighneacht a Dhéanamh

Ar líne ar an leathanach seo ag Déan Aighneacht 

Nó tríd an bpost: Pleanáil Chun Cinn, Chomhairle Contae Chill Dara, Áras Chill Dara, Bóthar Dhroichead Nua, An Nás, Co. Chill Dara W91X77F

Ba cheart ‘Aighneacht – Dréachtphlean Oidhreachta Chill Dara 2026 – 2031’ a mharcáil go soiléir ar gach aighneacht a sheoltar tríd an bpost.

 

Na chéad chéimeanna eile

Déanfar gach aighneacht agus gach tuairim a fhaightear a bhreithniú go hiomlán sula dtabharfar Plean Oidhreachta Chill Dara 2026-2031 chun críche.

Tabhair faoi deara le do thoil: Cuirfear aighneachtaí a fhaigheann Comhairle Contae Chill Dara ar fáil don phobal.

Féadfar aon cheisteanna a bhaineann leis an gcomhairliúchán a sheoladh chuig heritage@kildarecoco.ie

Ní mór gach aighneacht a bheith faighte tráth nach déanaí ná 4:00pm Dé Luain 1 Nollaig 2025

 

fUNDED%20BY%20HeritaGE_1.png

Téamaí

Heritage

Litir Chlúdaigh (Roghnach)

Glac síntiús