Proposed Material Alterations to Proposed Variation No. 2 - Newbridge Settlement Plan

Oscailte6 Ean, 2026, 09:00 - 3 Fea, 2026, 16:00

Primary tabs

Athruithe Ábhair Beartaithe ar

Athrú Beartaithe Uimh. 2 (Plean Lonnaíochta an Droichid Nua)
ar Phlean Forbartha Chontae Chill Dara 2023-2029 (arna athrú)

 

Tugtar fógra leis seo, de bhun Alt 13 (6) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú), go bhfuil Comhairle Contae Chill Dara tar éis Athruithe Ábhair Beartaithe a ullmhú ar Athrú Beartaithe Uimh. 2 (Plean Lonnaíochta an Droichid Nua) den Phlean Forbartha Chontae Chill Dara 2023-2029 (arna athrú).

 

I gcomhréir le hAlt 13(6) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú), socraíodh nach bhfuil gá le Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST) maidir leis na hathruithe ábhair atá beartaithe, agus nach bhfuil gá le Measúnacht Chuí (MC) maidir leis na hathruithe ábhair atá beartaithe.

 

Dá réir sin, foilsíodh na cáipéisí seo a leanas lena scrúdú agus le haghaidh comhairliúcháin phoiblí:

  • Tuarascáil maidir le hAthrú Ábhair Beartaithe ar Athrú Beartaithe Uimh. 2 (Plean Lonnaíochta an Droichid Nua) den Phlean Forbartha Chontae Chill Dara 2023-2029 (arna athrú)
  • Tuarascáil le hAguisíní maidir le Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta de bhun na Treorach MST agus na Rialachán Pleanála agus Forbartha (Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta) 2004-2011, ina bhfuil measúnacht ar na hAthruithe Ábhair Beartaithe.
  • Tuarascáil maidir le Scagadh Measúnachta Cuí (MC) de bhun na Treorach um Ghnáthóga (92/43/CEE) agus an Achta um Pleanáil agus Forbartha 2000, ina bhfuil measúnacht ar na hAthruithe Ábhair Beartaithe.

 

Cuirfear na hAthruithe Ábhair Beartaithe agus na cáipéisí a bhaineann leo ar taispeáint go poiblí agus féadfar iad a scrúdú ó Dé Máirt 6 Eanáir 2026 go dtí 4pm Dé Máirt 3 Feabhra 2026 le linn na ngnáthuaireanta oscailte ag na láithreacha seo a leanas:

  • Ar an tairseach comhairliúcháin phoiblí Dean Aighneacht a\nso
  • An Rannóg Pleanála, Comhairle Contae Chill Dara, Áras Chill Dara, Páirc Uí Dhubhuí, An Nás, Contae Chill Dara W91 X77F.

 

Féadfar aighneachtaí nó tuairimí a chur isteach i scríbhinn maidir leis na hAthruithe Ábhair Beartaithe ar Athrú Beartaithe Uimh. 2 (Plean Lonnaíochta an Droichid Nua) den Phlean Forbartha Chontae Chill Dara 2023-2029 (arna athrú) agus na cáipéisí a bhaineann leis laistigh den tréimhse thuas, roimh 4pm Dé Máirt 3 Feabhra 2026.

 

Ba chóir ‘Athruithe Ábhair Beartaithe ar Athrú Beartaithe Uimh. 2: (Plean Lonnaíochta an Droichid Nua) a mharcáil ar aon aighneacht nó tuairimí scríofa: agus iad a chur isteach tríd:

 

  • I scríbhinn chuig:
  • Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, An Rannóg Pleanála, Comhairle Contae Chill Dara, Áras Chill Dara, An Nás, Contae Chill Dara W91 X77F

 

Cuir isteach d’iarratas i bhformáid amháin, i.e., ar líne nó mar chóip chrua. Ba choir d’ainm a lua ar aon aighneacht nó tuairim agus, más cuí, ba chóir an comhlacht nó an eagraíocht dá déantar ionadaíocht a lua freisin, chomh maith le huimhir/uimhreacha an leasaithe ábhair beartaithe/na leasuithe ábhair beartaithe. Ní ghlacfar le haighneachtaí trí ríomhphost ná trí fhacs, ná le haighneachtaí déanacha.

 

Beidh gach aighneacht nó tuairim maidir leis na hAthruithe Ábhair Beartaithe ar an Athrú Beartaithe Uimh. 2 (Plean Lonnaíochta an Droichid Nua) den Phlean Forbartha Chontae Chill Dara 2023-2029 (arna athrú) agus na cáipéisí a bhaineann leis mar pháirt de Thuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh reachtúil a ullmhófar do na Comhaltaí Tofa.

 

Ní mheasfar ach aighneachtaí nó tuairimí a chuirtear isteach maidir léis na hAthruithe Ábhair Beartaithe agus na cáipéisí a bhaineann leo (ina measc: aighneachtaí a bhaineann leis na héifeachtaí suntasacha timpeallachta gur dócha a bheidh le cur i bhfeidhm na n-Athruithe Ábhair Beartaithe) sula ndéanfar aon athrú ábhair ar Athrú Beartaithe Uimh. 2 (Plean Lonnaíochta an Droichid Nua). Ní féidir aighneachtaí ná tuairimí maidir le haon ghné eile d’Athrú Beartaithe Uimh. 2 (Plean Lonnaíochta an Droichid Nua) a mheas ag an bpointe seo den phróiseas.

 

Foilseofar Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh maidir leis na hAthruithe Ábhair Beartaithe ar an tairseach comhairliúcháin phoiblí ar líne.

 

Tá sonraí maidir le do chearta agus d’oibleagáidí príobháideachais le fáil anseo:

www.kildarecoco.ie/YourCouncil/GovernanceandCompliance/DataProtection/

 

DÁTA DEIREANACH LE HAGHAIDH AIGHNEACHTAÍ: 4pm Dé Máirt 3 Feabhra 2026. Ní ghlacfar le haighneachtaí déanacha.

 

Sínithe:

 

Alan Dunney

Stiúrthóir Seirbhíse - Pleanáil, Fiontar, Forbairt Eacnamaíochta agus Seirbhísí Éigeandála

Comhairle Contae Chill Dara