Notice of Consultation on the Abatement of Rates for Vacant Properties

Dúnta20 Lún, 2024, 09:00 - 4 M.F., 2024, 12:00

Primary tabs

NOTICE OF CONSIDERATION OF A SCHEME FOR THE ABATEMENT OF RATES IN RESPECT OF VACANT PROPERTIES

Section 9 of the Local Government Rates and Other Matters Act 2019 makes specific provision that elected members of a local authority may make a scheme providing for the abatement of rates in respect of vacant properties, and that such a scheme shall be approved at the local authority budget meeting concerning the local financial year to which the scheme shall apply.

Kildare County Council (KCC) will consider a scheme providing for the abatement of rates in respect of vacant properties, applying in the 2025 financial year.

Kildare County Council welcomes written submissions from the public on this matter, specifically covering the potential effects of a scheme providing for the abatement of rates in respect of vacant properties on businesses, individuals and on local authority services. 

 Submissions must be received by noon on Wednesday 4th September 2024 and be made by 1) completing an online survey at https://consult.kildarecoco.ie or 2) by post to the Administrative Officer, Commercial Rates Section, Finance Department, Kildare County Council, Aras Chill Dara, Naas, County Kildare, W91X77F or 3) by email to rates@kildarecoco.ie

--------------------------------------------------------

Fógra faoi Scéim a Bhreithniú d’fhonn Rátaí maidir le Réadmhaoine Folmha a Laghdú

Déanann Alt 9 den Acht um Rátaí Rialtais Áitiúil agus Nithe ​​Eile 2019 foráil shonrach go bhféadfadh comhaltaí tofa údaráis áitiúil scéim a cheapadh lena ndéantar foráil do laghdú rátaí i leith réadmhaoine folmha, agus go gceadófar scéim den sórt sin ag an gcruinniú buiséid údarás áitiúil, i ndáil leis an mbliain airgeadais áitiúil ina mbeidh an scéim i bhfeidhm.

Breithneoidh Comhairle Contae Chill Dara (CCCD) scéim a fhorálann do laghdú rátaí i leith réadmhaoine folmha, a bheadh i bhfeidhm sa bhliain airgeadais 2025.

Fáiltíonn Comhairle Contae Chill Dara roimh aighneachtaí scríofa ón bpobal ar an ábhar seo, go háirithe maidir leis na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ​​ag scéim a fhorálann do laghdú ar rátaí ar ghnólachtaí, ar dhaoine aonair agus ar sheirbhísí údaráis áitiúil, i leith réadmhaoine folmha.

Ní mór aighneachtaí a bheith faighte faoi mheán lae Dé Céadaoin, 04 Meán Fómhair 2024 agus ní mór iad a dhéanamh trí 1) suirbhé ar líne a chomhlánú ag https://consult.kildarecoco.ie nó 2) tríd an bpost chuig an Oifigeach Riaracháin, Rannóg na Rátaí Tráchtála, An Roinn Airgeadais, Comhairle Contae Chill Dara, Áras Chill Dara, An Nás, Contae Chill Dara, W91 X77F nó 3) trí ríomhphost a sheoladh chuig rates@kildarecoco.ie.

Téamaí

Abatement of rates on vacant properties
Glac síntiús