Comhpháirtíocht Áitiúil Sábháilteachta Pobail Chill Dara - Ceistneoir Sábháilteachta don Aos Óg

Oscailte1 D.F, 2026, 10:00 - 30 D.F, 2026, 16:00

Tá Comhpháirtíocht Áitiúil Sábháilteachta Pobail Chill Dara (CSPÁ) ag lorg do thuairimí ar shábháilteacht pobail i do cheantar.

Kildare LCSP Logo

Cabhróidh d’aiseolas le Plean Sábháilteachta Pobail 3 Bliana nua an LCSP a mhúnlú, a leagfaidh síos tosaíochtaí agus gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar imní sábháilteachta áitiúla na bpobal ar fud Chontae Chill Dara.

Ba mhaith linn cloisteáil faoi na ceisteanna atá tábhachtach duitse, faoi na dúshláin atá roimh do phobal, agus faoi na céimeanna a d’fhéadfadh cabhrú le Contae Chill Dara a dhéanamh níos sábháilte le cónaí ann, le hoibriú ann agus le cuairt a thabhairt air.

Beidh ról tábhachtach ag d’ionchur maidir le tionscnaimh sábháilteachta pobail agus cinnteoireacht áitiúil amach anseo a chur ar an eolas.

  1. Tosaigh (céim reatha)
  2. Ceisteanna faoi Shábháilteacht (gan chríochnú)
  3. Inis dúinn faoi d’eispéireas ar shábháilteacht (gan chríochnú)
  4. Rudaí atá feicthe agat a d’fhág nár mhothaigh tú sábháilte (gan chríochnú)
  5. Do thuairim (gan chríochnú)
  6. Do thuairim (gan chríochnú)
  7. Cad a chiallaíonn Sábháilteacht Phobail duitse? (gan chríochnú)
  8. Maidir leatsa (gan chríochnú)
  9. Preview submission (gan chríochnú)
  10. Críochnaithe (gan chríochnú)
Contae Chill Dara a dhéanamh níos sábháilte do dhaoine óga
Cabhraigh linn an beart a dhéanamh a theastaíonn UAIT agus atá de dhíth ort le go mothóidh tú níos sábháilte, níos sláintiúla agus níos sona i gCill Dara. Bunaíodh Comhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Chill Dara chun cabhrú le pobail an cheantair oibriú le chéile lena chinntiú go mbeidh Cill Dara ina áit níos sábháilte dúinn go léir. Is suirbhé anaithnid é seo do dhaoine óga 15 bliana d’aois agus níos sine i gContae Chill Dara le go bhféadfaidh tú insint dúinn cad a fhágann go mothaíonn tú sábháilte, cad a fhágann go mothaíonn tú neamhshábháilte agus cad is mian leat go ndéanfaí faoi. Más gá duit labhairt le duine éigin, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Childline: https://www.childline.ie/ 1800 66 66 66, Spunout: https://spunout.ie/, Na Samáraigh: Glaoigh ar 116 123, Pieta House: https://www.pieta.ie/contact/ nó An Garda Síochána: Glaoigh ar 999 nó 112 nó ar Líne Rúnda an Gharda Síochána 1800 666 111. Níl a leithéid de rud ann agus freagra ceart nó freagra mícheart. Tá DO thuairim uainn, mar sin inis dúinn cad a cheapann TUSA! Trí insint dúinn cad a cheapann tú, cad a theastaíonn uait agus cad is mian leat, beimid in ann dul i mbun oibre ar bheart a dhéanamh a fhágfaidh go mothóidh tú níos sábháilte i do cheantar.