Proposed Variation No.6 - Sallins Settlement Plan - Kildare County Development Plan 2023-2029 (as varied)

Oscailte22 Aib, 2026, 09:00 - 20 Bea, 2026, 16:00

Primary tabs

COMHAIRLE CONTAE CHILL DARA

Fógra maidir le hAthrú Beartaithe Uimh. 6 (Plean Lonnaíochta Na Solláin) de Phlean Forbartha Chontae Chill Dara 2023-2029 (arna athrú)

 

Tugtar fógra leis seo de bhun Alt 58(7)(b) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024 (arna leasú), go molann Comhairle Contae Chill Dara athrú ar Phlean Forbartha Chontae Chill Dara 2023-2029 (arna athrú). Déanfar an tAthrú Beartaithe a ionchorprú in Imleabhar 2 de Phlean Forbartha Chontae Chill Dara 2023-2029 (arna athrú).

Cúis le hAthrú Beartaithe Uimh. 6 (Plean Lonnaíochta Na Solláin)

Cuirfidh an tAthrú Beartaithe Plean Lonnaíochta ar fáil do na Solláin chun teacht in ionad Phlean Ceantair Áitiúil Na Solláin 2016-2022. Cuirfidh an Plean Lonnaíochta creat beartais pleanála ar fáil chun forbairt inbhuanaithe na tithíochta, na fostaíochta, an iompair, an mhiondíola agus an bhonneagair shóisialta do bhaile Na Solláin a threorú amach anseo. Tá an Plean Lonnaíochta ag teacht le hordlathas uileghabhálach an phlean atá leagtha amach ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an chontae.

Ábhar an Athraithe Beartaithe Uimh. 6 (Plean Lonnaíochta Na Solláin)

Is éard a bheidh in Athrú Beartaithe Uimh. 6 (Plean Lonnaíochta Na Solláin) ar Phlean Forbartha Chontae Chill Dara 2023-2029 (arna athrú) Ráiteas i Scríbhinn agus léarscáileanna agus beidh na nithe seo a leanas ag gabháil leis:

  • Cinneadh ar scagadh le haghaidh Measúnú Cuí (AA),
  • Tuarascáil ar Scagadh le haghaidh Measúnú Cuí (AA) de bhun Threoir an Aontais Eorpaigh maidir le Gnáthóga (92/43/CEE),
  • Cinneadh ar scagadh na Measúnachta Straitéisí Timpeallachta (MST),
  • Tuarascáil ar Scagadh na Measúnachta Straitéisí Timpeallachta de bhun na Rialachán um Pleanáil Úsáide Talún - Measúnú Straitéiseach Timpeallachta (MST), 2025,
  • Tuarascáil ar an Measúnú Straitéiseach Riosca Tuilte (MSRT), de bhun na dTreoirlínte um an Chóras Pleanála agus Bainistiú Riosca Tuilte (2009),
  • Iniúchadh ar Acmhainn Lonnaíochta (SCA), de bhun na bPleananna Forbartha - Treoirlínte d’Údaráis Phleanála (2022),
  • Straitéis Bainistíochta Uisce Dromchla (SBUD),
  • Iniúchadh ar Bhonneagar Sóisialta (IBS).

 

Tá scagadh déanta ag Comhairle Contae Chill Dara maidir le Measúnú Straitéiseach Timpeallachta de réir Alt 58 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024 (arna leasú) a chinn nach dócha go mbeadh éifeachtaí suntasacha comhshaoil mar thoradh ar an Athrú Beartaithe. Dá bhrí sin, ní éilítear leis an Athrú Beartaithe Measúnú Straitéiseach Timpeallachta iomlán.

Tá scagadh déanta ag Comhairle Contae Chill Dara maidir le Measúnú Cuí de réir Alt 58 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024 (arna leasú) inar cinneadh gur féidir an fhéidearthacht go mbeadh aon éifeachtaí suntasacha ar aon suíomh Eorpach, cibé acu a eascraíonn siad as an bplean ina n-aonar nó in éineacht le pleananna agus tionscadail eile, a eisiamh. Dá bhrí sin, níl gá le Measúnú Cuí don Athrú Beartaithe. 

Taispeáint an Athraithe Bheartaithe agus na nDoiciméad Tacaíochta

Is féidir cóip d’Athrú Beartaithe Uimh. 6 (Plean Lonnaíochta Na Solláin) agus de dhoiciméid tacaíochta a iniúchadh ó dé Céadaoin, 22 Aibreán 2026 go dé Céadaoin, 20 Bealtaine 2026 ag na suíomhanna seo a leanas:

Ar líne ag: https://consult.kildarecoco.ie/en/browse

  • San Oifig Pleanála, Chomhairle Contae Chill Dara, Áras Chill Dara, An Nás, Contae Chill Dara, W91 X77F le linn gnáthuaireanta oscailte 09:30-16:00, Luan go hAoine. (gan laethanta saoire bainc san áireamh)

 

Tabhair faoi d’aire go bhfanfaidh an tairseach chomhairliúcháin https://consult.kildarecoco.ie/en/browse  ar oscailt i gcónaí le linn thréimhse an chomhairliúcháin reachtúil.

 

Conas Aighneacht a Dhéanamh

Féadfar aighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh maidir leis an Athrú Beartaithe agus na tuarascálacha a ghabhann leis roimh 16:00 dé Céadaoin, 20 Bealtaine 2026 agus cuirfear san áireamh iad sula ndéanfar an tAthrú. Ba cheart d’ainm agus do sheoladh a lua i d’aighneacht, agus i gcás inarb iomchuí, an comhlacht nó an eagraíocht ar a bhfuil ionadaíocht á déanamh agat. Tá fáilte roimh leanaí nó grúpaí/comhlachais a dhéanann ionadaíocht ar leasanna leanaí aighneachtaí a dhéanamh. Déan d’aighneacht trí cheann amháin de na meáin seo a leanas amháin (ní ghlacfar le haighneachtaí déanacha, ná le haighneachtaí trí ríomhphost nó facs): 

 

  • ar líne ag https://consult.kildarecoco.ie/en/browse
  • scríbh chuig:
    • An tOifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, An Roinn Pleanála, Comhairle Contae Chill Dara, Áras Chill Dara, An Nás, Contae Chill Dara.

 

Foilseofar gach aighneacht ar Thairseach Chomhairliúcháin na Comhairle. Ullmhófar tuarascáil ar aighneachtaí a fuarthas agus áireofar inti ainmneacha na ndaoine a rinne aighneachtaí. Foilseofar an tuarascáil sin ar ár suíomh gréasáin. Is féidir sonraí faoi do theidlíochtaí agus oibleagáidí príobháideachais faoi RGCS a léamh anseo:

 

www.kildarecoco.ie/YourCouncil/GovernanceandCompliance/DataProtection/

 

SPRIOCDHÁTA LE hAGHAIDH AIGHNEACHTAÍ: 16:00 dé Céadaoin, 20 Bealtaine 2026. 

 

Sínithe:

Alan Dunney                                                            

An Stiúrthóir Seirbhíse - Pleanáil, Fiontraíocht, Forbairt Gheilleagrach agus Seirbhísí Éigeandála           

Comhairle Contae Chill Dara