Athrú Beartaithe Uimh. 3 ar Phlean Forbartha Chontae Chill Dara 2023-2029 (arna athrú) chun feidhm a thabhairt do Threoirlínte an Aire a foilsíodh de réir Alt 28 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú)

Tugtar fógra leis seo, de bhun Alt 13 (2)(b) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú), go bhfuil Comhairle Contae Chill Dara ag moladh athrú a dhéanamh ar Phlean Forbartha Chontae Chill Dara 2023 – 2029 (arna athrú) (dá ngairtear ‘an Plean’ feasta). Cuirfear an tAthrú Beartaithe san áireamh sa Ráiteas Scríofa (Imleabhar 1) den Phlean.
Cúis le hAthrú Beartaithe Uimh.3
Ullmhaíodh an tAthrú seo chun an Plean a ailíniú le Treoirlínte Aireachta a foilsíodh de réir Alt 28 den Acht um Phleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú). Is iad na treoirlínte ábhartha ná:
Cur i bhFeidhm NPF: Treoirlínte maidir le Riachtanais Fáis Tithíochta d’Údaráis Phleanála (2025), a foilsíodh chun éifeacht a thabhairt don Chéad Athbhreithniú ar an gCreat Náisiúnta Pleanála (2025), agus
Treoirlínte um Fhorbairt Chónaithe Inbhuanaithe agus Lonnaíochtaí Dlútha d’Údaráis Phleanála (2024).
Ábhar an Athraithe Bheartaithe Uimh. 3
Tá leasuithe ar na nithe seo a leanas san áireamh san Athrú seo; Caibidil 1 Réamhrá agus Comhthéacs Straitéiseach, Caibidil 2 Croí-Straitéis agus Straitéis Lonnaíochta, Caibidil 3 Tithíocht, agus Caibidil 15 Caighdeáin Bainistíochta Forbartha an Ráitis Scríofa (Imleabhar 1) den Phlean chun na leasuithe beartais foriomlána seo a leanas a áireamh:
Méadú ar riachtanas fáis tithíochta Chontae Chill Dara ar feadh na 3 bliana atá fágtha den Phlean, chun go mbeidh sé ag teacht le Cur i bhFeidhm an NPF: Treoirlínte maidir le Riachtanais Fáis Tithíochta d’Údaráis Phleanála (2025).
Athbhreithniú ar raonta agus critéir dlúis chónaithe le haghaidh forbairtí cónaithe nua, chun go mbeidh siad ar aon dul leis na Treoirlínte um Fhorbairt Cónaithe Inbhuanaithe agus Lonnaíochtaí Dlútha d’Údaráis Phleanála (2024).
Tá an méid seo a leanas ag gabháil leis an Athrú Beartaithe:
Iniúchadh ar Lonnaíocht agus ar Acmhainn Láithreáin,
Tuarascáil Scagthástála Measúnachta Cuí (TSMC) de bhun Threoir an AE maidir le Gnáthóga (92/43/CEE), agus
Tuarascáil Scagthástála um Measúnacht Straitéiseach Comhshaoil (MSC) de bhun na Rialachán um Phleanáil agus Forbairt (Measúnú Straitéiseach Comhshaoil) 2004-2011.
Taispeántas an Athraithe Beartaithe Uimh. 3
Is féidir cóip den Athrú Beartaithe Uimh. 3 agus de na doiciméid tacaíochta a iniúchadh ón gCéadaoin an 29 Deireadh Fómhair go dtí an Déardaoin an 27 Samhain 2025 sna háiteanna seo a leanas:
Oifig Pleanála, Oifig Chomhairle Contae Chill Dara, Áras Chill Dara, An Nás, Co. Chill Dara le linn uaireanta oscailte 9.30am-4.00pm, Luan go hAoine (gan Laethanta Saoire Bainc san áireamh).
Tabhair faoi deara, le do thoil, go mbíonn an tairseach comhairliúcháin https://consult.kildarecoco.ie/en/browsear oscailt i gcónaí le linn na tréimhse comhairliúcháin reachtúla.
Conas Aighneacht a Dhéanamh
Féadfar aighneachtaí nó breathnuithe a dhéanamh maidir leis an Athrú Beartaithe agus leis an doiciméadacht tacaíochta, lena n-áirítear tuarascálacha comhshaoil, roimh 4pm Déardaoin an 27 Samhain 2025 agus cuirfear san áireamh iad sula ndéanfar an tAthrú. Ba cheart go mbeadh d’ainm agus do sheoladh luaite ar d’aighneacht agus, nuair is cuí, an comhlacht nó an eagraíocht a bhfuil ionadaíocht á déanamh air. Tá fáilte roimh leanaí nó roimh ghrúpaí/chumainn a dhéanann ionadaíocht ar leasanna leanaí aighneachtaí a dhéanamh.
Déan d’aighneacht ar cheann amháin de na bealaí seo a leanas:
I scríbhinn chuig: Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, An Rannóg Pleanála, Comhairle Contae Chill Dara, Áras Chill Dara, An Nás, Contae Chill Dara.
Ní ghlacfar le haighneachtaí déanacha, aighneachtaí ríomhphoist ná facs.
Foilseofar aighneachtaí ar Thairseach Comhairliúcháin na Comhairle. Tiomsófar tuarascáil ar na haighneachtaí a gheofar agus áireofar ann ainmneacha na ndaoine siúd a rinne aighneachtaí. Foilseofar an tuarascáil sin ar ár suíomh gréasáin. Is féidir mionsonraí maidir le do theidlíochtaí agus d’oibleagáidí príobháideachais faoi RGCS a léamh anseo:
Athrú Beartaithe Uimh. 3 ar Phlean Forbartha Chontae Chill Dara 2023-2029 (arna athrú) chun feidhm a thabhairt do Threoirlínte an Aire a foilsíodh de réir Alt 28 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú)
Primary tabs
Athrú Beartaithe Uimh. 3 ar Phlean Forbartha Chontae Chill Dara 2023-2029 (arna athrú) chun feidhm a thabhairt do Threoirlínte an Aire a foilsíodh de réir Alt 28 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú)
Tugtar fógra leis seo, de bhun Alt 13 (2)(b) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú), go bhfuil Comhairle Contae Chill Dara ag moladh athrú a dhéanamh ar Phlean Forbartha Chontae Chill Dara 2023 – 2029 (arna athrú) (dá ngairtear ‘an Plean’ feasta). Cuirfear an tAthrú Beartaithe san áireamh sa Ráiteas Scríofa (Imleabhar 1) den Phlean.
Cúis le hAthrú Beartaithe Uimh.3
Ullmhaíodh an tAthrú seo chun an Plean a ailíniú le Treoirlínte Aireachta a foilsíodh de réir Alt 28 den Acht um Phleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú). Is iad na treoirlínte ábhartha ná:
Ábhar an Athraithe Bheartaithe Uimh. 3
Tá leasuithe ar na nithe seo a leanas san áireamh san Athrú seo; Caibidil 1 Réamhrá agus Comhthéacs Straitéiseach, Caibidil 2 Croí-Straitéis agus Straitéis Lonnaíochta, Caibidil 3 Tithíocht, agus Caibidil 15 Caighdeáin Bainistíochta Forbartha an Ráitis Scríofa (Imleabhar 1) den Phlean chun na leasuithe beartais foriomlána seo a leanas a áireamh:
Tá an méid seo a leanas ag gabháil leis an Athrú Beartaithe:
Taispeántas an Athraithe Beartaithe Uimh. 3
Is féidir cóip den Athrú Beartaithe Uimh. 3 agus de na doiciméid tacaíochta a iniúchadh ón gCéadaoin an 29 Deireadh Fómhair go dtí an Déardaoin an 27 Samhain 2025 sna háiteanna seo a leanas:
Tabhair faoi deara, le do thoil, go mbíonn an tairseach comhairliúcháin https://consult.kildarecoco.ie/en/browse ar oscailt i gcónaí le linn na tréimhse comhairliúcháin reachtúla.
Conas Aighneacht a Dhéanamh
Féadfar aighneachtaí nó breathnuithe a dhéanamh maidir leis an Athrú Beartaithe agus leis an doiciméadacht tacaíochta, lena n-áirítear tuarascálacha comhshaoil, roimh 4pm Déardaoin an 27 Samhain 2025 agus cuirfear san áireamh iad sula ndéanfar an tAthrú. Ba cheart go mbeadh d’ainm agus do sheoladh luaite ar d’aighneacht agus, nuair is cuí, an comhlacht nó an eagraíocht a bhfuil ionadaíocht á déanamh air. Tá fáilte roimh leanaí nó roimh ghrúpaí/chumainn a dhéanann ionadaíocht ar leasanna leanaí aighneachtaí a dhéanamh.
Déan d’aighneacht ar cheann amháin de na bealaí seo a leanas:
Ní ghlacfar le haighneachtaí déanacha, aighneachtaí ríomhphoist ná facs.
Foilseofar aighneachtaí ar Thairseach Comhairliúcháin na Comhairle. Tiomsófar tuarascáil ar na haighneachtaí a gheofar agus áireofar ann ainmneacha na ndaoine siúd a rinne aighneachtaí. Foilseofar an tuarascáil sin ar ár suíomh gréasáin. Is féidir mionsonraí maidir le do theidlíochtaí agus d’oibleagáidí príobháideachais faoi RGCS a léamh anseo:
www.kildarecoco.ie/YourCouncil/GovernanceandCompliance/DataProtection/
SPRIOCDHÁTA D’AIGHNEACHTAÍ:
NÍ MÓR aighneachtaí a bheith faighte faoi 4pm Déardaoin an 27 Samhain 2025.
Sínithe:
Alan Dunney
Stiúrthóir Seirbhíse - Pleanáil, Fiontar, Forbairt Eacnamaíochta agus Seirbhísí Éigeandála
Comhairle Contae Chill Dara
Roinn
Aighneachtaí
Téamaí
Ábhair
Litir Chlúdaigh (Roghnach)